Sé rud ar fiú smaoineamh orthu sula roinneann tú grianghraif de do leanbh ar líne
Ar cheann de na rudaí is fearr faoi na meáin shóisialta tá chomh héasca is atá sé ócáidí inár saol a roinnt le daoine eile ar líne. Ar roinnt bealaí, tá comhroinnt grianghraf ar líonraí sóisialta tagtha in ionad an albaim thraidisiúnta grianghraf, ach mar thuismitheoirí ba cheart dúinn a bheith cúramach faoin méid faisnéise a roinnimid ar líne faoinár leanaí. Chomh maith leis na rioscaí príobháideachais atá ríshoiléir maidir le bheith ag roinnt an iomarca, bíonn imní anois freisin ar leanaí/dhéagóirí faoina gcáil ar líne a bhainistiú agus faoin eagla go náireofar sna meáin dhigiteacha iad.
Ábhar Machnaimh do Thuismitheoirí
Níl aon rialacha daingne ná siúráilte ann le haghaidh na topaice seo, mar sin féin seo roinnt rudaí ar chóir duit do mhachnamh a dhéanamh orthu sula mbrúnn tú an cnaipe ‘roinn’:
- Fiafraigh díot féin an náireoidh an grianghraf seo mo leanbh anois nó sa todhchaí? Cruthaítear lorg digiteach le gach rud a phostálaimid ar líne agus tá sé níos tábhachtaí ná riamh do dhaoine óga dea-cháil a choimeád ar líne. Ba cheart do thuismitheoirí smaoineamh ar aon rioscaí fadtéarmacha a bhainfeadh le grianghraif dá leanbh a roinnt ar líne.
- Seiceáil do Shocruithe: Nuashonraíonn líonraí sóisialta socruithe go minic mar sin tá sé tábhachtach do shocruithe féin a athbhreithniú. Más úsáideoir rialta thú ar Facebook, tugann an líonra sóisialta deis d’úsáideoirí Seiceáil Príobháideachais a dhéanamh, rud a fhágann go mbíonn sé an-éasca d’úsáideoirí a thuiscint cé leis a bhfuil ábhar á roinnt acu. Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil.
- Cé a fheicfidh mo ghrianghraif? Déan cinnte go bhfuil tú sásta le do shocruithe príobháideachais agus go dtuigeann tú cé a d’fhéadfadh a bheith in ann d’íomhánna a fheiceáil. Is smaoineamh maith é athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar do chairde/naisc ar líonraí sóisialta. Tugann roinnt líonraí mar shampla Facebook deis d’úsáideoirí teorainn/oiriúnú a dhéanamh ar cé leis a roinneann siad postálacha. Faigh amach conas a dhéantar é sin anseo.
- Beidh rudaí áirithe poiblí i gcónaí. Ba cheart go mbeadh a fhios ag tuismitheoirí go mbeidh roinnt postálacha/grianghraf poiblí i gcónaí mar shampla; grianghraif ar phróifíl Twitter, íomhánna cumhdaigh Facebook agus grianghraif faoi thrácht.
- An bhfuil do sheirbhís suímh díchumasaithe? Ligeann go leor líonraí sóisialta agus aipeanna duit do shuíomh a roinnt. B’fhéidir nach bhfuil a fhios ag roinnt daoine go gcumasaítear an fheidhm sin go huathoibríoch ar roinnt aipeanna agus líonraí. B’fhéidir gur cheart duit athbhreithniú a dhéanamh air nuair a roinneann tú grianghraif den teaghlach.
- Déan beart de réir do bhriathair: Ar deireadh, bí cúramach faoi na rudaí a roinneann tú ar líne, foghlaimíonn leanaí uaitse, spreagaimis tuismitheoirí le dea-shampla a thabhairt ar a gcuid próifílí agus líonraí sóisialta féin.