Skip to content

Scileanna Litearthachta Digití: Faisnéis a Aimsiú

  Tugann an t-idirlíon lear mór faisnéise dúinn agus gan le déanamh ach cúpla cnaipe a bhrú. Is é an […]

Scoileanna Éireannacha os cionn mheán an AE maidir le dul i ngleic le Sábháilteacht Idirlín

Fuarthas amach i dtuairisc nua faoin úsáid a bhaineann páistí as an idirlíon a seoladh chun Lá na Sábháilteachta Idirlín […]

Suirbhé Lá na Sábháilteachta Idirlín 2012

De réir staidéar nua ar dhearcthaí tuismitheoirí i dtaobh na húsáide a bhaineann a bpáistí as an Idirlíon, creideann 86% de thuismitheoirí in Éirinn gur cuid thábhachtach d’oideachas a bpáistí í úsáid an Idirlín. Ba iad an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí - Bunbhrainse agus an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas a rinne an suirbhé agus fógraíodh na torthaí inniu mar cheiliúradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2012, ar cuid d’fheachtas domhanda é chun Idirlíon níos sábháilte a chur chun cinn don uile úsáideoir, go háirithe an t-aos óg.

Moltaí Beartais ó Pháistí an AE ar Líne

Na páistí a bhíonn ag dul ar líne na laethanta seo, tá siad níos óige ná riamh agus ag baint úsáid níos minice as an teicneolaíocht mhóibíleach, úsáid nach féidir le daoine fásta maoirseacht a dhéanamh uirthi go héasca. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaidh an lucht déanta beartas aghaidh air seo ar bhealach úr. Féachann Tuarascáil Pháistí an AE ar Líne 2010 le comhairle chothrom le dáta a chur ar an lucht déanta beartas faoin gcaoi ar féidir oideachas a chur ar pháistí faoin mbaol a bhaineann leis an Idirlíon, mar shampla an bhulaíocht, an phornagrafaíocht agus teagmháil mhíchuí le daoine eile, agus páistí a chosaint orthu sin