Is doiciméad tábhachtach é Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) ina bpléitear leis na cearta, pribhléidí, freagrachtaí agus smachtbhannaí ar fad a bhaineann le húsáid an idirlín agus na dteicneolaíochtaí digiteacha laistigh den scoil, lena n‑áirítear a n‑úsáid ar líne agus as líne.
Treoirlínte maidir le AUP a fhorbairt
Go ginearálta, déantar plé sa Pholasaí Úsáide Inghlactha ar úsáid shábháilte, inghlactha agus fhreagrach as an idirlíon agus as teicneolaíochtaí digiteacha. D’fhéadfaí é a úsáid mar chreat nó é a oiriúnú chun freagairt do thosca agus riachtanais scoileanna aonair. D’fhorbair Webwise sraith treoirlínte cabhrach le húsáid agus Polasaí Úsáide Inghlactha á fhorbairt. Tá teimpléad AUP san áireamh leis an bhfoilseachán seo do scoileanna.