Scileanna Litearthachta Digití: Smaointeoireacht Chriticiúil
Cad is Smaointeoireacht Chriticiúil ann?
Is iomaí sainmhíniú ar smaointeoireacht chriticiúil; sa mhíniú is bunúsaí, baineann sé le bheith in ann smaoineamh duit féin. Má tá siad chun smaoineamh go criticiúil, caithfidh scoláirí a bheith in ann
1. Anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar fhaisnéis agus ar argóintí
2. Féachaint ar phatrúin agus ar naisc,
3. Faisnéis bhríoch a shainaithint agus a fhorbairt
Ansin caithfidh siad é a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an tsaoil i ndáiríre agus a bheith in ann a gcruth féin a chur air.
Cén fáth a bhfuil tábhacht leis?
Caithfidh leanaí agus déagóirí scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt d’fhonn an leas is fearr a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha. Nuair a mhúintear dóibh le ceisteanna a chur agus a bheith amhrasach fós cuidítear leo an saibhreas faisnéise atá ar fáil dóibh ar líne a úsáid. Trí cheisteanna a chur beidh siad in ann brí a bhaint as na teachtaireachtaí atá siad a fháil. Beidh siad in ann a aithint cad is nuacht bhréagach ann, an bhfuil an fhaisnéis a léann siad bailí nó nach bhfuil, an bhfuil foinsí iontaofa, agus má claonadh ann nó nach bhfuil. Féach freisin https://www.webwise.ie/teachers/what-is-fake-news/.
Ní bhíonn scoláirí a chleachtann scileanna smaointeoireachta criticiúla agus meastóireachta chomh géilliúil ina dtuiscint ar ábhar. Cuideoidh sé leo freisin éirí níos tuisceanaí agus níos báúla nuair a bhíonn siad ag gabháil don saol ar líne. Úsáid ár bhfaisnéis ghrafach éasca le tosú.
Priontáil anseo:
Critical thinking and Evaluation