Teachers
Cuireann Webwise réimse acmhainní teagaisc ar fáil saor in aisce do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna, lena n-áirítear: cibearbhulaíocht, comhroinnt íomhánna, na meáin shóisialta agus tuilleadh.
Tosaigh trí úsáid a bhaint as ár gcuid
acmhainní teagaisc SAOR IN AISCE
School Policy and Guidance
Tacaíocht, fáisnéis agus uirlisí chun cabhrú le hoidí agus le scoileanna beartais agus nósanna imeachta a chruthú agus/nó athbhreithniú a dhéanamh orthu.
Training and Support
Iarradh orainn leis na blianta ceardlanna agus cainteanna a chur i láthair ag comhdhálacha agus ag imeachtaí d’oideachasóirí in Éirinn maidir leis na ceisteanna do scoileanna agus do mhúinteoirí a eascraíonn as úsáid páistí as an Idirlíon.
Get Advice
Comhairle, treoir, seimineáir ghréasáin, agus nuashonruithe do mhúinteoirí
Classroom Videos
Tá sraith físeán faoi shábháilteacht idirlín ar fáil ar Webwise ina bpléitear réimse topaicí atá ábhartha do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna araon.
San fhíseán dar teideal Mo Shaol ar Líne, tugtar deis do dhaltaí machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann siadsan an t-idirlíon agus an ról atá aige ina saol a mheas.
San fhíseán dar teideal Cad is Cibearbhulaíocht ann?, tugtar aghaidh ar an eisiamh mar chineál bulaíochta agus tugtar deis do dhaltaí comhbhá a léiriú leo siúd ar a n-imríonn sé tionchar. Spreagfar iad le gníomhú ar bhealach atá freagrach agus idirghabháil a dhéanamh ar bhealach dearfach sábháilte.
San fhíseán dar teideal Cén Chaoi a Mothaíonn sé a bheith i nGéibheann na Bulaíochta agus Cén Chaoi ar Fearr Aghaidh a Thabhairt Uirthi, tugtar deis do na daltaí iniúchadh a dhéanamh ar na mothúcháin a bhíonn i gceist le cás cibearbhulaíochta agus straitéisí a fhorbairt chun déileáil go héifeachtach léi.
Educational Resources
Acmhainní atá ailínithe leis an gcuraclam agus a dhéanann iniúchadh ar ábhair amhail cibearbhulaíocht, gnéastéacsáil, litearthacht sna meáin dhigiteacha, cumarsáid shábháilte a dhéanamh ar líne agus tuilleadh.