Skip to content

AI in Education: Considerations for Schools

Tá córais agus uirlisí Intleachta Saorga mar chuid dár saol laethúil cheana féin. De réir mar a thagann forbairt ar an IS, ní mór a bheith ar an eolas faoi na buntáistí agus an baol a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi don teagasc agus don fhoghlaim.

D’fhéadfadh an teicneolaíocht seo an t-oideachas a athrú ó bhonn, dá bhrí sin ní mór d’oideoirí agus do scoláirí tuiscint a chothú ar conas dul i ngleic leis an IS go heiticiúil, go criticiúil agus go dearfach, ar mhaithe leis an leas is fearr a bhaint aisti. Ní mór a lua gur féidir leis an IS cur le saineolas an mhúinteora, ach nach féidir léi teacht in áit shaineolas an mhúinteora. Beidh an ghné dhaonna a thugann an múinteoir isteach sa seomra ranga fós ríthábhachtach chun taithí fhiúntach foghlama a chothú.

What are the benefits for educators?

Am a Shábháil ar Thascanna Riaracháin: Is féidir leis an IS tascanna riaracháin a ghlacann an-chuid ama a uathoibriú, amhail grádú, tinreamh a rianú, agus sonraí a bhainistiú. 

Acmhainní Oideachais Ardchaighdeáin a Ghiniúint: Is féidir leis an IS cabhrú le hacmhainní agus ábhair oideachais ardchaighdeáin a ghiniúint, ag cabhrú le múinteoirí ábhar nua ábhartha a shainaithint. 

Anailís Sonraí agus Léargais a Thabhairt:  Is féidir le córais IS anailís a dhéanamh ar líon mór sonraí go sciobtha, agus léargas a thabhairt ar fheidhmíocht agus dul chun cinn an scoláire, ag ceadú do mhúinteoirí réimsí inar féidir tacaíocht a thabhairt agus réimsí le feabhsú a shainaithint. 

What are the benefits for students?

An Fhoghlaim Phearsantaithe: Is féidir leis an IS ábhar oideachais agus luas na foghlama a chur in oiriúint do riachtanais agus do chumais gach scoláire. Cuirtear taithí foghlama oiriúnaithe ar fáil, ag cabhrú leis an scoláire tuiscint a fháil ar choincheapa ar a luas féin agus ina bhealach féin, ag cur feabhas ar an tuiscint agus ar an bhfoghlaim dá bharr sin. 

Aiseolas Láithreach: Is féidir le córais IS aiseolas láithreach a thabhairt ar mheasúnuithe, ar thráth na gceist, agus ar scrúduithe. 

Inrochtaineacht agus Ionchuimsitheacht: Is féidir le huirlisí IS cabhrú leis an scoláire atá faoi mhíchumas trí ábhar inrochtana a chur ar fáil, amhail acmhainní téacs go teanga nó teanga go téacs. Cabhraíonn na teicneolaíochtaí seo suíomh foghlama níos ionchuimsithí a chruthú, ag cinntiú go bhfuil rochtain chothrom ag gach scoláire ar an oideachas. 

What are the challenges and concerns?

Príobháideachas Sonraí agus Slándáil Sonraí: Bailíonn agus déanann córais IS anailís ar líon suntasach sonraí pearsanta de chuid an scoláire agus an oideora. Is ceist mhór é príobháideachas agus slándáil na sonraí seo a chinntiú, chomh maith le cosaint ar sháruithe féideartha. 

Úsáid Eiticiúil IS: Ní mór d’oideoirí agus d’fhorbróirí impleachtaí eiticiúla IS ar scoil a chur san áireamh, amhail claontacht na n-algartam, mífhaisnéis, ceisteanna cóipchirt, agus bradaíl. Ní mór cothromaíocht a aimsiú idir an nuálaíocht faoi threoir IS agus úsáid fhreagrach a bhaint aisti.

Rochtain ar Theicneolaíocht: Níl rochtain chothrom ag gach scoláire ar an teicneolaíocht agus ar acmhainní IS. Is féidir le scoláire a bheith faoi mhíbhuntáiste mura bhfuil rochtain aige ar uirlisí IS nó ar an teicneolaíocht riachtanach.

Róspleáchas an Mhúinteora agus an Scoláire ar IS: Tá baol ann don mhúinteoir agus don scoláire go dtosóidh siad ag brath an iomarca ar IS don teagasc agus don fhoghlaim, agus tá seans ann go laghdófar na scileanna smaointeoireachta criticiúla agus an t-idirghníomhú pearsanta sa seomra ranga dá bharr.

Claontacht: Toisc go mbaineann IS ghiniúnach úsáid as algartaim a chruthaigh dearthóirí daonna, tá an-bhaol ann go dtabharfar claontacht isteach sa chóras. Tarlaíonn claontacht nuair a bhíonn torthaí nó aschuir ó chóras IS go mór i bhfabhar nó i gcoinne smaoinimh, grúpa nó duine. 
Mar shampla, má chuirtear dearcadh teoranta ar fáil, ina léirítear claontacht chine nó inscne. Toisc go mbaineann IS ghiniúnach úsáid as sraitheanna móra sonraí, tugtar claontachtaí stairiúla agus córasacha isteach sa chóras. Tá claontacht IS cosúil le claontachtaí daonna, agus is féidir le cinntí míchruinne tarlú mar thoradh uirthi. Tagann ceist maidir le claontacht IS chun cinn nuair a bhaineann algartam tátal as faisnéis atá róchúng nó atá bunaithe ar shraitheanna sonraí oiliúna nach léiríonn an daonra atá faoi chaibidil go cruinn.

Míchruinneas: Toisc go dtarraingíonn IS ghiniúnach ar shraitheanna móra sonraí, níl aon chinnteacht ann go bhfuil an fhaisnéis cruinn, toisc nach bhfuil an fhaisnéis uilig ar an idirlíon cruinn. Bíonn cruinneas IS ag brath ar na sonraí a chuirtear sna halgartaim mheaisínfhoghlama. Anuas air sin, ní gá go ndéantar IS ghiniúnach a chódú chun faisnéis chruinn a chur ar fáil; ina áit sin, tugann sí buille faoi thuairim maidir leis an gcineál faisnéise a fheileann don Leid a tugadh.

Bradaíl: Ábhar imní coitianta i measc oideoirí is ea go n-úsáidfidh an scoláire IS ghiniúnach agus teicneolaíochtaí IS eile chun aistí a scríobh agus tascanna a chur i gcrích.

Cóipcheart/ Ceisteanna Anaithnide Ceadúnaithe: Is gné thábhachtach d’úsáid na IS giniúnaí agus na dteicneolaíochtaí IS eile sa seomra ranga é tuiscint a shaothrú ar dhlíthe cóipchirt, agus toisc gur teicneolaíocht nua í seo, níl teorainneacha soiléire ann maidir le cé leis an t-ábhar a ghineann IS. De réir mar a leanann comhlachtaí ar aghaidh ag forbairt ceadúnas dá gcuid táirgí, ní mór d’oideoirí machnamh a dhéanamh ar impleachtaí an chóipchirt/cheisteanna anaithnide ceadúnaithe.

Considerations for Schools on the Safe and Ethical Use of AI

Getting Started 

Tuiscint ar IS: 
Ní mór don oideoir buntuiscint a bheith aige ar cad is IS ann agus conas a oibríonn sí. Cabhróidh sé seo leis an scoil cinntí feasacha a dhéanamh maidir lena cur i bhfeidhm sa suíomh oideachais. https://www.oidetechnologyineducation.ie/intleacht-shaorga-i-scoileanna/?lang=ga
 
Cuspóirí Soiléire a Shainaithint:  
Sonraigh na spriocanna ar leith oideachais ar mhaith leat a bhaint amach leis an IS. Má tá tú ag iarraidh feabhas a chur ar an bhfoghlaim phearsantaithe, tascanna riaracháin a uathoibriú, nó feabhas a chur ar mhodhanna measúnaithe, treoróidh cuspóirí soiléire thú agus IS á cur i bhfeidhm agat. 
 
Roghnaigh uirlisí cuí 
Tá go leor uirlisí IS ar fáil a bhfuil feidhmeanna difriúla acu. Tá sé tábhachtach cuimhneamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus tús áite a thabhairt don tsábháilteacht ar líne nuair atáthar ag tabhairt teicneolaíocht dhigiteach isteach sa seomra ranga, mar shampla srianta aoise ar Shamhlacha Teanga Móra (tá Google Geminni 16+, tá Copilot (ar a dtugtaí Bing chat tráth) 13+, tá ChatGPT 18+, ach é sin ráite is féidir le páistí 13+ é a úsáid le cead a dtuismitheoirí). Anseo, tá roinnt ceisteanna tábhachtacha nach mór a chur san áireamh sula dtabharfar aip nó teicneolaíocht nua isteach sa seomra ranga: https://www.webwise.ie/ga/trend/ceisteanna-a-bhaineann-le-huirlis-aip-dhigiteach-a-thabhairt-isteach-sa-seomra-ranga/.  
 
Oiliúint agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach 
Déan cinnte go gcuirtear oiliúint ar gach oideoir le go mbeidís ábalta tuiscint a fháil ar an ngné chlaontachta san IS.  
Cuir oiliúint ar fáil d’oideoirí, d’fhoghlaimeoirí, do theaghlaigh (e.g. ar an litearthacht dhigiteach) chun forbairt a dhéanamh ar scileanna smaointeoireachta criticiúla agus ar scileanna maidir le fíricí a sheiceáil don mhífhaisnéis, don bhréagaisnéis, agus laistigh de fhreagraí giniúnacha IS.  
Cláraigh don Chúrsa Nua IS ar Scoil de chuid Theicneolaíocht san Oideachas Oide https://www.oidetechnologyineducation.ie/onlinecourses/is-do-scoileanna/?lang=ga /
Coinnigh suas chun dáta leis na forbairtí oiliúna anseo: https://www.oidetechnologyineducation.ie/intleacht-shaorga-i-scoileanna/?lang=ga /
 
Inrochtaineacht agus Ionchuimsitheacht 
Cinntigh go bhfuil rochtain ag gach scoláire ar uirlisí IS, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas. 
 
Beartas Scoile 
Forbair beartais láidre a chuimsíonn cathain agus conas is féidir an IS ghiniúnach a úsáid sa seomra ranga. Féach Mol Webwise um Polasaí Úsáide Inghlactha.  
Cinntigh go dtagann gach úsáid IS le beartais na scoile, lena n-áirítear an Polasaí Úsáide Inghlactha, an príobháideachas, an tslándáil sonraí, slándáil an scoláire agus úinéireacht sonraí. 
Cinntigh go bhfuil na córais IS a úsáideann tú ag teacht leis an rialacháin chuí agus go ndéantar cosaint ar shonraí an scoláire agus an mhúinteora. Cuir do bheartais sonraí in iúl do na páirtithe leasmhara uilig. 
Bíodh grúpa éagsúil de pháirtithe leasmhara rannpháirteach san fhorbairt bheartais, lena n-áirítear múinteoirí, tuismitheoirí, agus an scoláire féin. 
Ní mór athbhreithniú rialta a dhéanamh ar bheartais chun coinneáil suas leis na hathruithe teicneolaíochta agus rialála.
 
Úsáid Éifeachtach IS  
Leag ionchais shoiléire amach maidir le húsáid IS agus bí soiléir maidir leis na scileanna ar a bhfuil aghaidh á tabhairt.  
Cruthaigh tuilleadh deiseanna d’fhoghlaimeoirí fadhbanna a réiteach, anailís a dhéanamh agus a gcuid smaointe a roinnt sa seomra ranga.  
Bí cinnte plé a dhéanamh ar an mbaol féideartha a bhaineann leis an IS a úsáid le foghlaimeoirí (e.g. faisnéis mhíchruinn, siabhráin, claontachtaí, etc.) agus tabhair ceachtanna um litearthacht dhigiteach agus saoránacht d’fhoghlaimeoirí ionas gur féidir leo tuiscint a shaothrú ar an mbaol seo.  
Tacaigh le foghlaimeoirí a bpróiseas scríbhneoireachta a roinnt e.g. plé a dhéanamh ar cén chaoi agus cén áit a bhfuair siad an fhaisnéis agus an straitéis atá acu chun í a chomhcheangailt lena ndréachtaí. Cruthaigh deiseanna plé agus iarr ar na foghlaimeoirí dréachtaí dá gcuid scríbhneoireachta a thabhairt duit i rith an ama lena thaispeáint go bhfuil an próiseas chomh tábhachtach céanna leis an toradh, agus d’fhéadfadh sé seo scríbhneoirí agus taighdeoirí maithe a dhéanamh astu.  
 
Saoránacht Dhigiteach 
Bain úsáid as acmhainní Webwise leis an tsaoránacht dhigiteach agus scileanna litearthachta faisnéise a mhúineadh d’fhoghlaimeoirí.  
Labhair leis na foghlaimeoirí faoi chlaontachtaí féideartha IS, agus déan taighde láidir agus scileanna litearthachta digití a mhúineadh dóibh lena chinntiú, sa chás go n-úsáidtear IS ghiniúnach, go ndéantar amhlaidh leis an tuiscint gurb ionann í sin agus an chéad chéim seachas an chéim dheiridh, agus ag leagan béim ar a thábhachtaí is atá sé go ndearbhaíonn an t-úsáideoir daonna an fhaisnéis a thugtar.  
Má úsáidtear an IS ghiniúnach sa rang, iarr ar fhoghlaimeoirí foinsí eile a aimsiú a thacaíonn leis an bhfaisnéis a chuireann an IS ghiniúnach ar fáil, ar mhaithe leis an gcruinneas a sheiceáil.  
Tarraing aird na dtuismitheoirí/na gcaomhnóirí agus na gcúramóirí ar acmhainní maidir le húsáid shábháilte, eiticiúil IS. Coinnigh tuismitheoirí agus cúramóirí ar an eolas maidir le húsáid IS sa seomra ranga. https://www.webwise.ie/ga/tuismitheoiri/ 
 
Oiliúint 
Réamhchúrsa Gairid NUA (i rith an téarma) maidir le IS ar Scoil 
https://www.oidetechnologyineducation.ie/onlinecourses/is-do-scoileanna/?lang=ga 
Intreoir don IS Iar-Bhunscoile: https://vimeo.com/941669310 
Intreoir IS do Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile ar Vimeo 
 
Treoracha Mínithe 
https://www.webwise.ie/news/guest-article-ai-explained-what-is-ai/ 
https://www.webwise.ie/parents/explainers/explained-what-is-chatgpt/ 
https://www.webwise.ie/parents/explainers/explained-what-is-snapchats-my-ai/ 
https://www.webwise.ie/news/casting-the-net-what-do-teens-need-to-know-about-chatgpt/ 
https://www.webwise.ie/news/explained-what-are-deepfakes/ 
https://www.webwise.ie/news/you-are-what-you-like-the-influence-of-online-algorithms/ 
 
Acmhainní 
AI ar Scoil: https://www.oidetechnologyineducation.ie/intleacht-shaorga-i-scoileanna/?lang=ga /
Dig Tech – AI san Oideachas: https://vimeo.com/830531096 
Dearadh Áititheach: https://www.webwise.ie/connected/persuasive-design-lesson// 
Aghaidh-Aithint: https://www.webwise.ie/connected/facial-recognition-lesson/ 
Nasctha: https://www.webwise.ie/connected/ 
All Aboard for DigiTown – Conaire foghlama do pháistí idir 9 -12 maidir le conas a bheith ina saoránaigh dhigiteacha cliste.   
Intleacht Shaorga – Cúig Ábhar Machnaimh maidir le hÚsáid an Mhúinteora 
 
Acmhainní Eile 
Treoirlínte Eiticiúla d’Oideoirí maidir le hÚsáid IS agus Sonraí sa Teagasc agus san Fhoghlaim
https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/d81a0d54-5348-11ed-92ed-01aa75ed71a1