Skip to content

Suirbhé Lá na Sábháilteachta Idirlín 2012

De réir staidéar nua ar dhearcthaí tuismitheoirí i dtaobh na húsáide a bhaineann a bpáistí as an Idirlíon, creideann 86% de thuismitheoirí in Éirinn gur cuid thábhachtach d’oideachas a bpáistí í úsáid an Idirlín. Ba iad an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí - Bunbhrainse agus an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas a rinne an suirbhé agus fógraíodh na torthaí inniu mar cheiliúradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2012, ar cuid d’fheachtas domhanda é chun Idirlíon níos sábháilte a chur chun cinn don uile úsáideoir, go háirithe an t-aos óg.

Aipeanna: rialúcháin tuismitheoirí

Caith súil ar chuid de na leideanna is fearr againn faoin margadh aipeanna – dírithe ortsa mar thuismitheoir.

Mínithe: Céard a bhíonn i gceist le grianghraif a roinnt?

Mar thuismitheoirí, is dócha gur cuimhin libh an spól scannáin a thabhairt chuig an siopa chun na grianghraif a thóg sibh ar bhur laethanta saoire a fhorbairt. Thóg sé roinnt uaireanta, nó laethanta scaití, na grianghraif a fháil ar ais agus ní raibh cuma iontach i gcónaí orthu. Is iomaí cor a chuir an saol de ó shin.

Filleadh ar Scoil: Acmhainní Sábháilteachta Idirlín do Mhúinteoirí

Anois agus scoilbhliain nua os ár gcomhair amach, tá sé in am do mhúinteoirí na laethanta fliucha sin a chur taobh thiar díobh agus luí isteach arís ar an obair. Agus tú ag fáil faoi réir le fáilte a chur roimh dhream nua daltaí, is mian le Webwise tathant ort machnamh a dhéanamh ar na hacmhainní múinteoireachta atá againn le haghaidh sábháilteacht Idirlín.

Snapchat: An scriosann snapanna iad féin i ndáiríre?

Is é bunphrionsabal Snapchat é gur féidir téacs nó fotheidil a chur le híomhánna nó le físeáin a chruthaítear ar fhón póca nó ar tháibléad. Is féidir na snapanna sin a sheoladh chuig cara nach mbeidh ach tréimhse ghearr ama aige nó aici breathnú ar an snap. Scriosann an snap é féin ina dhiaidh sin agus ní féidir é a fháil ar ais. Níl ach deich soicind ar a mhéad agat breathnú ar an snap, ach is féidir (cé gur deacair é) seat den scáileán a ghlacadh ach an fón a ionramháil le trí mhéar amhail is gur braiteoga ochtapais iad.

Cá bhfaighidh mé comhairle faoin tsábháilteacht Idirlín le go gcosnóidh mé mo pháistí?

Tá réimse iontach mór de línte cabhrach agus de shuíomhanna gréasáin tacaíochta ar fáil do thuismitheoirí ar líne. Ní haon ionadh é mura bhfuil tuismitheoir in ann teacht ar shuíomh úsáideach, mar sin tá roinnt acu curtha le chéile againn anseo.

Mínitheoir: Cad is Snapchat ann?

“Féinscriosfaidh” an teachtaireacht seo i gceann deich soicind

Chur stop le ceannacháin san aip

An mbaineann do leanaí úsáid as do iPad go héasca? Má bhaineann, is gá duit é seo a léamh. Tá sé ag éirí níos coitianta go gcosnaíonn ceannacháin san aip méid airgid mór ar thuismitheoirí. Ach is furasta iad a stopadh

Cad is Tumblr ann?

Mar a deir siad féin, “ligeann Tumblr duit rud ar bith a chomhroinnt gan stró. Postáil téacs, grianghraif, athfhriotail, naisc, ceol agus físeáin ó do bhrabhsálaí, do ghuthán, do dheasc, do ríomhphost nó ó cibé áit ina bhfuil tú.”

Ag Bualadh le Cairde Ar Líne As Líne

An tromluí is measa ag tuismitheoir: I ngan fhios duit féin, déanann do mhac nó d’iníon cairdeas le duine ar líne agus, i ndiaidh teachtaireachtaí a mhalartú leis an duine seo, aontaíonn siad ar bhualadh lena chéile duine le duine. Is léir na rioscaí.

Cad é mar a mhúchaim Clibeáil/Gnúis-Aitheantas ar Facebook?

Agus leathadh an Idirlín ann, tá an díospóireacht mhór a bhaineann le príobháideachas pearsanta faoi lán seoil fós. Agus ní raibh díospóireacht ar bith chomh suaiteach leis an bplé a bhaineann le fás leanúnach Facebook, an suíomh gréasáin líonraithe shóisialta atá lonnaithe in California.

Mínithe: Cad is Twitter ann?

Ar an 21 Márta 2006, sheol Jack Dorsey, ríomhchláraitheoir as Missouri, an chéad ‘bhíogaíl’ riamh. “Just setting up my twttr,” a phostáil sé ar a shuíomh nua gréasáin. Cé nach raibh an chuma air gur rud úrnua ba ea é, d’athraigh teachtaireacht cúig fhocal Dorsey cumarsáid ar líne go deo.

Mínithe: Cad is Facebook ann?

Tá Facebook ar an gceann is déanaí de shuíomhanna gréasáin ar a dtugaimid suíomhanna gréasáin “líonraithe shóisialta”. Is é an difear idir é sin agus na hiomaitheoirí ná an tóir atá air. De réir na dtuairiscí is deireanaí, chláraigh 900 milliún duine ar fud an domhain le haghaidh próifílí ar an suíomh.

Treoir maidir le Cibearbhulaíocht

Tá an chibearbhulaíocht ina crá mór. Tugadh le fios i dtorthaí tosaigh an tsuirbhé ón mbliain anuraidh, Páistí an AE ar Líne (‘EU Kids Online’) gur mhaígh beagnach ceathrú de na páistí go ndearnadh bulaíocht orthu ar líne. Táthar den tuairim leis go bhfuil an figiúr seo ag dul i méad

Google SafeSearch for parents and teachers

Ligeann scagairí SafeSearch Google duit do shocrú brabhsálaí a athrú chun inneachar aosach a scagadh amach i dtorthaí cuardaigh Google