Skip to content

Cad is Tumblr ann?

Mar a deir siad féin, “ligeann Tumblr duit rud ar bith a chomhroinnt gan stró. Postáil téacs, grianghraif, athfhriotail, naisc, ceol agus físeáin ó do bhrabhsálaí, do ghuthán, do dheasc, do ríomhphost nó ó cibé áit ina bhfuil tú.”

Mínithe: Cad is Twitter ann?

Ar an 21 Márta 2006, sheol Jack Dorsey, ríomhchláraitheoir as Missouri, an chéad ‘bhíogaíl’ riamh. “Just setting up my twttr,” a phostáil sé ar a shuíomh nua gréasáin. Cé nach raibh an chuma air gur rud úrnua ba ea é, d’athraigh teachtaireacht cúig fhocal Dorsey cumarsáid ar líne go deo.

Mínithe: Cad is Facebook ann?

Tá Facebook ar an gceann is déanaí de shuíomhanna gréasáin ar a dtugaimid suíomhanna gréasáin “líonraithe shóisialta”. Is é an difear idir é sin agus na hiomaitheoirí ná an tóir atá air. De réir na dtuairiscí is deireanaí, chláraigh 900 milliún duine ar fud an domhain le haghaidh próifílí ar an suíomh.

Treoir maidir le Cibearbhulaíocht

Tá an chibearbhulaíocht ina crá mór. Tugadh le fios i dtorthaí tosaigh an tsuirbhé ón mbliain anuraidh, Páistí an AE ar Líne (‘EU Kids Online’) gur mhaígh beagnach ceathrú de na páistí go ndearnadh bulaíocht orthu ar líne. Táthar den tuairim leis go bhfuil an figiúr seo ag dul i méad

Mínithe: aip lena roinntear íomhánna Instagram

Tá Instagram ar cheann de na haipeanna fóin chliste a bhfuil leas á bhaint acu as saol cruthaitheach daoine óga […]