Mínitheoir: Cad is Yik Yak ann?
Cad is Yik Yak ann? Rinne TechCrunch cur síos ar Yik Yak mar “leagan hipearlogánta gan ainm de Twitter”. Seirbhís atá ann a ligeann duit breathnú ar fhotha beo dá bhfuil á rá ag daoine mórthimpeall ort. Is é an difear idir Yik Yak agus aipeanna teachtaireachta eile gan ainm ná go bhfuil sé bunaithe ar láthair. Tá meascán den teicneolaíocht GPS agus teachtaireachta meandraí i gceist leis an aip a chuireann úsáideoirí ar an eolas faoina bhfuil á rá ag daoine mórthimpeall orthu, laistigh de raon 10 míle, agus a ligeann dóibh an nuacht sin a roinnt. Dá bharr sin, tá an-tóir ar an aip anois mar fhoinse nuachta agus cúlchainte i gcoláistí agus in ollscoileanna.
Is féidir an aip Yik Yak a íoslódáil saor in aisce le haghaidh fóin chliste agus táibléid iOS agus Android araon.
Borradh faoi Yik Yak
Ba iad na mic léinn ollscoile Tyler Droll agus Brooks Buffington a bhunaigh Yik Yak agus a sheol i mí na Samhna 2013 é. Tháinig borradh faoi úsáid na haipe nuair a thosaigh mic léinn á roinnt i measc cairde nua ar casadh orthu iad le linn laethanta saoire an earraigh. Bhí an aip ar fáil in 200 coláiste laistigh de sheacht mhí. $350 milliún an luach a bhí ar an gcuideachta Yik Yak i mí na Nollag 2014. Is aip mhór-éilimh í ar fud na Stát Aontaithe anois agus tá spéis á múscailt inti thar sáile freisin.
Yik Yak a Úsáid
Chun Yik Yak a úsáid is gá fón cliste nó táibléad oiriúnach de chuid Apple nó Android a bheith agat agus nasc leis an Idirlíon. Féadfaidh tú tosú ag léamh agus ag postáil teachtaireachtaí ‘Yak’ a luaithe is a bheidh an aip íoslódáilte agat, nach mór. Níl aon phróiseas clárúcháin ann ós cumarsáid gan ainm atá i gceist leis an aip. Ní féidir ainmneacha úsáideora a roghnú; ní bhíonn a leithéid ar Yik Yak! Chun teachtaireacht Yak a phostáil, níl le déanamh ag úsáideoir ach deilbhín an phinn ar bharr an scáileáin agus ar dheis a bhualadh agus teachtaireacht Yak nach faide ná 200 carachtar a scríobh. Is féidir le húsáideoirí a dteachtaireachtaí Yak a shíniú más maith leo.
Faoin gcluaisín baile, féadfaidh úsáideoirí breathnú ar na teachtaireachtaí Yak is úire agus is mó tóir laistigh de raon 10 míle ón áit a bhfuil siad. Tá saigheada aníos agus anuas ann ar féidir le húsáideoirí a bhualadh chun a shocrú cé na teachtaireachtaí a bheidh ar an liosta mór-éilimh. Má chliceálann úsáideoirí ar theachtaireacht Yak, feicfidh siad cén áit ar seoladh í agus beidh siad in ann teachtaireachtaí maslacha nó ionracha a thuairisciú. Is féidir teachtaireachtaí mór-éilimh Yak a roinnt le cairde ar líonraí sóisialta eile freisin.
Gnéithe Yik Yak
- Neamhainmníocht: Ar Yik Yak, is féidir leat do thuairimí a chur in iúl gan d’aithne a ligean.
- Gliúc: Is féidir “gliúc” a thabhairt ar a bhfuil á rá in áiteanna éagsúla. Leis an ngné sin, gheobhaidh tú spléachadh ar an gcaoi a bhfuil imeacht áirithe, amhail ceolchoirm nó cluiche spóirt, ag dul i bhfeidhm ar dhaoine. Cé go mbeidh tú in ann teachtaireachtaí ó áiteanna éagsúla a léamh, ní bheidh tú ábalta teachtaireacht Yak a scríobh nó a thuairisciú, nó vóta a chaitheamh uirthi, ach i do cheantar áitiúil féin.
- Vótáil: Is féidir leat vóta aníos a thabhairt do na teachtaireachtaí Yak is ansa leat agus vóta anuas dóibh siúd nach dtaitníonn leat. Taispeántar sa sruth mór-éilimh na teachtaireachtaí Yak sin a fhaigheann an líon is mó vótaí aníos. Má fhaigheann teachtaireacht Yak an scór -5, tar éis a vótála anuas, bainfear den fhotha beo í go huathoibríoch.
- Yakarma: Tugtar pointí Yakarma mar dhuais dóibh siúd is minice a úsáideann Yik Yak nó a scríobhann na teachtaireachtaí Yak is mó éileamh. Tá an chluichíocht ag baint le húsáid na haipe mar sin. Ar bharr an scáileáin agus ar chlé a thaispeántar do scór Yakarma.
- Trácht a Fhágáil: Is féidir leat trácht a fhágáil ar theachtaireachtaí Yak. Tráchtanna gan ainm atá ann, ach sanntar deilbhíní d’úsáideoirí go randamach.
- Geo-fhálú: Sa chaoi nach mbainfidh úsáideoirí faoi aois úsáid as an aip agus iad ar scoil, is féidir le meánscoileanna a iarraidh go ndéanfar geo-fhálú ar an scoil.
Téarmaí agus coinníollacha agus an príobháideachas ar Yik Yak
Sainítear i dtéarmaí agus coinníollacha Yik Yak gur chóir go mbeadh úsáideoirí 18 mbliana d’aois ar a laghad chun an tseirbhís a úsáid. Ligtear d’úsáideoirí atá 17 mbliana d’aois an tseirbhís a úsáid ach ní mór dóibh cead a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí a fháil lena aghaidh.
Ós rud é gur ceann de mhórghnéithe díolacháin Yik Yak é gur seirbhís gan ainm é, ní bhailítear ainmneacha úsáideoirí ná seoltaí ríomhphoist ná eolas príobháideach eile. Mar sin féin, coinníonn sé taifead ar gheo-shuíomh agus ar úsáid aipe an úsáideora. Cé go seoltar teachtaireachtaí Yak gan ainm, tá eolas iontu faoin áit a bhfuil an t-úsáideoir. Cuireann Yik Yak ar chumas úsáideoirí teachtaireachtaí Yak a roinnt ar sheirbhísí líonraithe shóisialta eile, ach ní dhéanann sé nasc idir an cuntas Yik Yak agus an cuntas meán sóisialta.