Mol IS
Soláthraíonn an Mol IS seo faisnéis agus acmhainní maidir leis an intleacht shaorga agus mar a rachadh sí chun sochair agus a thacódh sí le húsáideoirí, chomh maith le faisnéis ar na srianta agus na hábhair imní atá ann faoi láthair maidir lena húsáid.

Intleacht Shaorga (IS)
Is éard atá i gceist leis an Intleacht Shaorga (IS) ná forbairt na gcóras ríomhaireachta ar féidir leo tabhairt faoi thascanna a mbíonn intleacht dhaonna ag teastáil uathu de ghnáth. Baineann cruthú algartam léi – liosta rialacha nó céimeanna – a úsáideann an ríomhaire chun anailís a dhéanamh ar, tuiscint a fháil ar, agus freagairt d’fhaisnéis.
Fad is gur féidir le córais IS líon mór sonraí a phróiseáil agus anailís a dhéanamh orthu chun patrúin a aithint agus tuartha a dhéanamh, ní féidir leo smaoineamh agus an comhthéacs a thuiscint cosúil le daoine.
Tá IS thart ó na 1950idí i leith agus tá forbairt tagtha uirthi thar na blianta, ach tá dul chun cinn sciobtha, suntasach déanta uirthi le blianta beaga anuas.

What is the impact?
Is cuid lárnach de thascanna laethúla í an IS le tamall anuas. Baineann cúntóirí fíorúla amhail Siri, Alexa, agus Google Assistant leas as an IS chun ár n-orduithe ó bhéal a thuiscint agus freagra a thabhairt orthu; algartaim IS is cúis le córais moltaí ar ardáin amhail Netflix, Amazon, agus YouTube; baineann ardáin na meán sóisialta leas as algartaim IS chun d’fhotha nuachta a choimeád, ag taispeáint ábhair duit bunaithe ar do chuid suimeanna, do rannpháirtíocht, agus do chaidrimh; agus baineann córais mhapála amhail Google Maps úsáid as an IS chun uasdátuithe fíor-ama a thabhairt faoin trácht.
Tá forbairt sciobtha ag teacht ar IS, le forbairtí nua agus feidhmchláir á gcruthú a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar ár saol. Cruthaíonn sé seo deiseanna nua, ach ábhar imní freisin maidir le conas is féidir aghaidh a thabhairt ar an saol ar líne go sábháilte agus go heiticiúil.
Buntáistí
What are the limitations of AI?
AI in Education
Tá córais agus uirlisí Intleachta Saorga mar chuid dár saol laethúil cheana féin. De réir mar a thagann forbairt ar an IS, ní mór a bheith ar an eolas faoi na buntáistí agus an baol a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi don teagasc agus don fhoghlaim.
D’fhéadfadh an teicneolaíocht seo an t-oideachas a athrú ó bhonn, dá bhrí sin ní mór d’oideoirí agus do scoláirí tuiscint a chothú ar conas dul i ngleic leis an IS go heiticiúil, go criticiúil agus go dearfach, ar mhaithe leis an leas is fearr a bhaint aisti. Ní mór a lua gur féidir leis an IS cur le saineolas an mhúinteora, ach nach féidir léi teacht in áit shaineolas an mhúinteora. Beidh an ghné dhaonna a thugann an múinteoir isteach sa seomra ranga fós ríthábhachtach chun taithí fhiúntach foghlama a chothú.
