Scoileanna Éireannacha os cionn mheán an AE maidir le dul i ngleic le Sábháilteacht Idirlín

Scoileanna Éireannacha os cionn mheán an AE maidir le dul i ngleic le Sábháilteacht Idirlín

Net Children Go MobileFuarthas amach i dtuairisc nua faoin úsáid a bhaineann páistí as an idirlíon a seoladh chun Lá na Sábháilteachta Idirlín 2015 a cheiliúradh go bhfuil scoileanna Éireannacha giota maith os cionn mheán an AE maidir le dul i ngleic le saincheisteanna sábháilteachta an idirlín i measc daltaí.

De réir na tuairisce dar teideal Net Children Go Mobile: Full Findings from Ireland, a chuir an Dr Brian O’Neill agus Thuy Dinh (Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath) i dtoll a chéile:

  • Is é Instagram an t-ardán comhroinnte meán is mó éileamh agus tuairiscíonn 42% de pháistí idir 9 mbliana agus 16 bliana d’aois gurb é is minice a úsáideann siad chun grianghraif a roinnt.
  • Tuairiscíonn duine as gach cúigear páistí (20%) go bhfuil rud éigin ar an Idirlíon tar éis cur isteach orthu le bliain anuas, figiúr atá breis agus a dhá oiread níos airde ná a mhacasamhail in 2011.
  • Seasann fóin chliste amach mar na gléasanna is mó a úsáideann páistí idir 9 mbliana agus 16 bliana d’aois le theacht ar an Idirlíon ó lá go lá i ngach comhthéacs. Seachas fóin chliste (35%), is iad ríomhairí glúine (29%) agus táibléid (27%) na gléasanna is mó a úsáidtear le dul ar líne.

Baol agus Díobháil

  • Ar an iomlán, deir duine as gach cúigear páistí in Éirinn (20%) go bhfuil rud éigin ar líne tar éis cur isteach orthu le bliain anuas (20%). Tá sé sin dhá oiread níos airde ná an céatadán (10%) a thuairiscigh páistí na hÉireann idir 9 mbliana agus 16 bliana d’aois sa suirbhé ‘Páistí an AE ar Líne’ a rinneadh in 2011.
  • Níor tháinig méadú ar mhinicíocht na bulaíochta in Éirinn ó rinneadh an suirbhé ‘Páistí an AE ar Líne’ agus tá sí gar go fóill don mheánráta Eorpach. Ach tá an cibearbhulaíocht níos coitianta anois ná an bhulaíocht duine-le-duine (13% anois i gcomparáid le 4% in 2011), agus tarlaíonn sí níos minice ná a mhalairt ar sheirbhísí líonraithe shóisialta.
  • Tá méadú tagtha freisin ar ráta na bpáistí idir 9 mbliana agus 16 bliana d’aois (ó 17% go 21% díobh) a bhfuil íomhánna gnéis (ar líne nó as líne) feicthe acu, ach tá sé sin fós níos lú ná an meánráta Eorpach (28%). Ba sna mórmheáin chumarsáide thraidisiúnta ba mhinice a d’fheictí na híomhánna sin in 2011, ach anois tá an phornagrafaíocht le fáil chomh minic céanna i seirbhísí líonraithe shóisialta, agus físeáin agus an teilifís sa dara háit.
  • Maidir le cineálacha eile baoil, tá méadú tagtha ó 2011 (ó 12% go 16%) ar ráta na bpáistí a thagann ar ábhar diúltach a chruthaíonn úsáideoirí eile. Tá sé sin i bhfad níos lú, áfach, ná an meánráta Eorpach de 25%.
  • Ó 2011 ar an iomlán mar sin, tá méadú tagtha ar chineálacha áirithe baoil agus laghdú ar chineálacha eile. Agus iad ag tabhairt aghaidh ar an mbaol i gcoitinne, tá sé i bhfad níos dóchúla go labhróidh páistí Éireannacha le daoine eile faoina ndrochthaithí ar líne ná páistí Eorpacha ar an meán. Ach tá thart ar 17% de pháistí Éireannacha ann nach labhraíonn le duine ar bith faoi.
  • Mar a dúradh cheana sa suirbhé ‘Páistí an AE ar Líne’, is í an bhulaíocht an baol is mó dochar dóibh go fóill: Deir 17% de pháistí a ndearnadh bulaíocht dóibh ar líne nó as líne (as 22% san iomlán) gur chuir sé sin isteach  orthu ‘go han-dona’ nó ‘go dona’.
  • Ar na cineálacha díobhálacha eile taithí ar líne is é an dara ceann is mó a chuireann isteach ar pháistí ná baol a bhaineann le gnéas, cé nach dtuairiscíonn ach níos lú ná leath de na páistí a bhfuil íomhánna nó ábhar gnéis d’aon sórt feicthe acu (ar líne nó as líne) gur chuir sé sin isteach orthu.

Tacaíocht agus Idirghabháil

  • Tugann na torthaí sin le tuiscint gur idirghabháil ghníomhach, seachas cineálacha eile idirghabhála, is mó a dhéanann tuismitheoirí Éireannacha lena bpáistí maidir le sábháilteacht ar líne (87%), agus tá a ráta siúd i bhfad níos airde ná an meánráta Eorpach (77%).
  • Maidir le hidirghabháil na múinteoirí, is minic a thugann siad an oiread céanna tacaíochta le tuismitheoirí, ag tabhairt cúnamh agus treoir do pháistí faoin Idirlíon. I gcomparáid le 2011, tháinig méadú ar an leibhéal tacaíochta a thugann múinteoirí thar raon na gcineálacha éagsúla idirghabhála. Le hais tíortha eile, bíonn múinteoirí in Éirinn fós ag déanamh i bhfad níos mó ná a macasamhla Eorpacha ar an meán (89% in aghaidh 69%).

Rochtain agus Scileanna

  • Is é an t-athrú is suntasaí atá tagtha ar ghníomhaíochtaí páistí ar líne ná go mbíonn siad ag déanamh níos mó de gach rud i gcomparáid le cúpla bliain ó shin. Dá mhéad a úsáideann páistí an tIdirlíon, is ea is mó na deiseanna a ghlacann siad agus na scileanna a fhorbraíonn siad.
  • Tá timpeallacht na teicneolaíochta ag athrú go scafánta, do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Tá gléasanna móibíleacha lenar féidir teacht ar an Idirlíon le fáil níos fairsinge anois agus ní haon iontas é gurb é an fón cliste an gléas is minice a úsáideann páistí le dul ar líne. Ón uair a rinneadh an suirbhé ‘Páistí an AE ar Líne’, tá laghdú leathchéad faoin gcéad tagtha ar an úsáid a bhaintear as an ríomhaire deisce. Ach tá úsáid mhór fós á baint as gléasanna mórscáileáin, óir tá ríomhairí glúine sa dara háit i ndiaidh fóin chliste.
  • Tá sé spéisiúil go mbíonn páistí ag dul ar líne sa bhaile an chuid is mó den am. Cuid den chúis atá leis sin is ea gur rud pearsanta príobháideach é an gléas. Cé gurb é an fón cliste an gléas is minice a úsáideann páistí agus iad ag dul ó áit go háit, is sa bhaile a bhaineann siad an úsáid is mó astu, go háirithe i bpríobháideachas a seomra leapa féin.
  • Bíonn 72% de pháistí Éireannacha ag úsáid an Idirlín gach lá sa bhaile. Méadaíonn ar an úsáid sin sa bhaile (bíodh sé i seomra leapa an pháiste nó in áit eile sa teach) de réir mar a théann siad in aois, ó 53% díobh siúd idir 9 agus 10 mbliana d’aois go 92% de dhéagóirí óga. Maidir leo siúd a théann ar líne le gléas móibíleach, tá sé i bhfad níos dóchúla go n-úsáidfidh siadsan an tIdirlíon sa bhaile gach lá (93% d’úsáideoirí fóin chliste agus 95% d’úsáideoirí táibléid) ná páistí nach n-úsáideann fóin chliste ná táibléid le dul ar líne (52%). Tugann na torthaí sin le tuiscint gur cuid níos lárnaí é an tIdirlíon de shaol na bpáistí a úsáideann gléasanna móibíleacha chun teacht air.
  • Tá difríochtaí inscne le sonrú sna patrúin rochtana agus úsáide. Mar a théann cailíní in aois,  is dóchúla go mbainfidh siadsan seachas buachaillí úsáid as ríomhairí glúine, táibléid agus gléasanna láimhe eile le dul ar líne. Os a choinne sin, is iad consóil cluichí rogha na mbuachaillí i gcónaí. Bhí sé sin le sonrú go láidir freisin sna hagallaimh cháilíochtúla a rinneamar.
  • Ón uair a rinneadh an suirbhé ‘Páistí an AE ar Líne’, tá méadú tagtha ar an leibhéal scileanna Idirlín, scileanna sábháilteachta san áireamh. Ach tá siad fós gar don mheánráta i gcomparáid le tíortha eile na hEorpa Go ginearálta, is iad úsáideoirí fóin chliste a mhaíonn go bhfuil scil níos fearr acu.
  • Baineann úsáideoirí fóin chliste agus táibléid úsáid níos mó as an Idirlíon, bídís sa bhaile nó sna háiteanna eile a cuireadh i gcás. Tá sé níos dóchúla go nglacfaidh siad páirt sna gníomhaíochtaí a thomhaiseamar agus maíonn siad go bhfuil beagnach dhá oiread níos mó de scileanna acusan ná mar a mhaíonn páistí nach n-úsáideann gléasanna móibíleacha le dul ar líne.

Íoslódáil an tuarascáil iomlán.