Polasaí Úsáide Inghlactha do Scoile a Fhorbairt
Is doiciméad tábhachtach é Polasaí Úsáide Inghlactha ina bpléitear leis na cearta, pribhléidí, freagrachtaí agus smachtbhannaí ar fad a bhaineann le húsáid an idirlín agus na dteicneolaíochtaí digiteacha laistigh den scoil, lena n‑áirítear a n‑úsáid ar líne agus as líne.
Cad is Polasaí Úsáide Inghlactha ann?
Treoirlínte maidir le AUP a fhorbairt
Go ginearálta, déantar plé sa Pholasaí Úsáide Inghlactha ar úsáid shábháilte, inghlactha agus fhreagrach as an idirlíon agus as teicneolaíochtaí digiteacha. D’fhéadfaí é a úsáid mar chreat nó é a oiriúnú chun freagairt do thosca agus riachtanais scoileanna aonair. D’fhorbair Webwise sraith treoirlínte cabhrach le húsáid agus Polasaí Úsáide Inghlactha á fhorbairt. Tá teimpléad AUP san áireamh leis an bhfoilseachán seo do scoileanna.
Uirlis Ginte AUP
D’fhorbair Webwise Gineadóir Polasaithe Úsáide Inghlactha ar féidir le gach scoil úsáid saor in aisce a bhaint as. Tugann ár n‑uirlis, atá éasca le húsáid, deis duit Polasaí Úsáide Inghlactha a shaincheapadh bunaithe ar riachtanais do scoile.
Tá sé ríthábhachtach go réiteofaí Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) i gcomhair do scoile. Leagtar amach na heochairphointí ann chun dul i ngleic le saincheisteanna sábháilteachta Idirlín le haghaidh na ndaltaí. Breathnaímid anseo ar chuid de na príomhchéimeanna atá i gceist chun AUP fhorbairt.
An bhfuil tú éiginnte faoin dóigh le Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) do scoile a réiteach? Ná bí buartha. Tá roinnt samplaí cruthanta de dhoiciméid AUP, duillíní ceada gaolmhara agus seicliostaí AUP á liostáil againn anseo.
Céard is AUP ann, cén fáth a dteastaíonn AUP ó scoileanna, cé na gnéithe ar cheart a chur san áireamh?
Freagraímid na ceisteanna seo agus ceisteanna coitianta eile.
Agus níos mó teagaisc á dhéanamh ar líne, ba cheart do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí eolas as an nua a chur ar a AUP. Seans go mbeidh gá é a nuashonrú má tá timpeallachtaí foghlama nua nó uirlisí breise in úsáid chun an chianfhoghlaim a éascú. Seo é an t-am le cur i gcuimhne don fhoireann, do thuismitheoirí agus do scoláirí faoin PÚI agus faoi aon nuashonrú.
Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar Pholasaí Úsáide Inghlactha do scoile go rialta agus ba cheart cuir chuige a chur i bhfeidhm chun an AUP a nuashonrú lena chinntiú go bhfuil sé ceart agus éifeachtach.
Leagamar nithe le breathnú orthu nuair atáthar ag féachaint siar ar do pholasaí nó ag déanamh nua shonrú air.