Athbhreithniú ar Shuíomhanna Idirlín um Líonrú Sóisialta san AE, 2011

Athbhreithniú ar Shuíomhanna Idirlín um Líonrú Sóisialta san AE, 2011

social-networking

An Bhruiséil, 21 Meitheamh 2011 – As na suíomhanna líonraithe shóisialta a scrúdaíodh ar son Choimisiún na hEorpa, níl ach dhá cheann ann (Bebo agus Myspace) ina réamhshocraítear nach mbeidh fáil ar phróifílí mionaoiseach ach ag an liosta teagmhálaithe a cheadaíonn siad agus níl ach ceithre shuíomh ann (Bebo, Myspace, Netlog agus SchuelerVZ) a chinntíonn de réir réamhshocrú nach féidir ach le cairde amháin teagmháil a dhéanamh le mionaoisigh.

Bíodh sin mar atá, tugann an chuid is mó den 14 shuíomh líonraithe shóisialta a scrúdaíodh eolas sábháilteachta do pháistí a oireann dá n-aois agus cabhair dóibh siúd a lorgaíonn í agus socraíonn siad próifílí mionaoiseach sa chaoi nach féidir iad a aimsiú le hinnill chuardaigh sheachtracha.

Tá an líon mionaoiseach san AE a úsáideann suíomhanna líonraithe shóisialta ag dul i méid – 77% díobh siúd idir 13 bliana agus 16 bliana d’aois agus 38% díobh siúd idir 9 mbliana agus 12 bhliain d’aois.

Tá na torthaí sin le fáil i dtuarascáil nuafhoilsithe an Choimisiúin ar fhorfheidhmiú phrionsabail líonraithe shóisialta níos sábháilte don AE, faoin teideal “Safer Social Networking Principles for the EU” ar comhaontú féinrialúcháin é arna eagrú ag an gCoimisiún in 2009 chun páistí a choinneáil sábháilte ar líne (feic IP/09/232).

Mar chuid den chuspóir a leag an Clár Oibre Digiteach don Eoraip amach chun muinín an phobail as an Idirlíon a mhéadú, sheol an Coimisiún athbhreithniú ar na comhaontuithe féinrialúcháin atá ann faoi láthair maidir le cosaint mionaoiseach ar líne.

Dúirt Neelie Kroes, Leas-Uachtarán Choimisiúin na hEorpa um an gClár Oibre Digiteach: “Tá díomá orm nach bhfuil ag éirí leis an gcuid is mó de shuíomhanna líonraithe shóisialta a chinntiú nach mbeidh teacht ar phróifílí mionaoiseach ach ag na teagmhálaithe a cheadaíonn siad de réir réamhshocrú.

“Beidh mé ag tathant orthu gealltanas soiléir a dhéanamh chun an fhadhb seo a réiteach i leagan leasaithe den chreat féinrialúcháin atá idir chamáin faoi láthair againn.

“Ní hamháin go mbeidh mionaoisigh á gcosaint ar theagmháil nach bhfuil uathu, beidh a ndea-cháil ar líne á cosaint freisin.

“Níl tuiscint iomlán ag an aos óg ar na hiarmhairtí a ghabhann leis an iomarca faisnéise pearsanta a nochtadh ar líne. Tá gá le hoideachas agus le treoir ó thuismitheoirí, ach caithfidh an chosaint féin tacú leo sin go dtí go mbeidh an t-aos óg in inmhe cinntí a dhéanamh as a stuaim féin agus feasacht iomlán acu ar na hiarmhairtí.”

Anois gur féidir daoine a chlibeáil i ngrianghraif ar an gcuid is mó de sheirbhísí líonraithe shóisialta, tá sé fíoréasca grianghraif de dhuine a chuardach ar líne.

Anuas air sin, d’fhéadfadh déagóirí a bheith i mbaol mealltóireachta agus cibearbhulaíochta ar líne.

Tá na huirlisí cuí sábháilteachta de dhíth ar pháistí agus ar dhéagóirí chun a n-aitheantas ar líne a bhainistiú go freagrach.

Rinneadh scrúdú ar na 14 shuíomh gréasáin seo a leanas idir Nollaig 2010 agus Eanáir 2011: Arto, Bebo, Facebook, Giovani.it, Hyves, Myspace, Nasza-klaza.pl, Netlog, One.lt, Rate.ee, SchülerVZ, IRC Galleria, Tuenti agus Zap.lu. Déanfar scrúdú ar 9 suíomh eile níos déanaí i mbliana.

Aimsíodh sa tuarascáil go soláthraíonn 13 shuíomh as na 14 shuíomh a ndearnadh tátáil orthu eolas sábháilteachta, treoir agus/nó ábhair oideachais atá dírithe go speisialta ar mhionaoisigh (gach uile cheann seachas Arto). Tá an t-eolas sábháilteachta sin do mhionaoisigh ar fad soiléir go maith agus oiriúnach ó thaobh aoise de. Is maith an dul chun cinn é sin ó rinneadh an chéad mheasúnú orthu anuraidh (feic IP/10/144). Ach tá an t-eolas sin fós deacair le haimsiú ar go leor suíomhanna gréasáin.

Tá na bealaí chun tuairisc a dhéanamh níos éifeachtaí anois ná mar a bhí in 2010. Thug 10 gcinn den 14 shuíomh a scrúdaíodh freagra ar thuairiscí ó úsáideoirí a bhí ag lorg cúnaimh i gcomparáid le 5 cinn as 14 shuíomh in 2010. Fuarthas freagra faoi cheann aon lá amháin i bhformhór na gcásanna.

  • Cuireann 9 suíomh (Arto, Bebo, Facebook, Giovani, Hyves, Netlog, One, Rate agus SchuelerVZ) Téarmaí Úsáide ar fáil atá éasca le tuiscint ag mionaoisigh agus/nó leagan dá dTéarmaí Úsáide nó dá gCód Iompair atá furasta le húsáid ag páiste.
  • Cuireann Bebo, Facebook, Myspace, Nasza-Klasa, One, Rate agus SchuelerVZ eolas sábháilteachta ar fáil do pháistí agus do thuismitheoirí atá éasca le haimsiú agus le tuiscint.

Aimsíodh freisin sa tuarascáil:

  • Ní chinntíonn ach Bebo agus Myspace nach mbeidh teacht ar phróifílí mionaoiseach ach ag na teagmhálaithe a cheadaíonn siad de réir réamhshocrú.
  • Ní chinntíonn ach Bebo, Myspace, Netlog agus SchuelerVZ gurb é an t-aon dream amháin is féidir teagmháil a dhéanamh le mionaoisigh, de réir réamhshocrú, ná an liosta teagmhálaithe a cheadaíonn siad.
  • Sna 10 suíomh eile a scrúdaíodh, tugtar cead do “chairde le cairde” (cairde le daoine ar an liosta ceadaithe teagmhálaithe nach bhfuil ceangal díreach acu leis an úsáideoir, i.e. strainséirí, b’fhéidir) agus/nó do dhaoine nach cairde iad in aon chor teagmháil a dhéanamh le mionaoisigh trí theachtaireachtaí pearsanta agus/nó trí thrácht a fhágáil ar a bpróifílí poiblí (e.g. i ngrianghraif, i mblaganna, etc.).
  • Socraíonn 12 cheann den 14 shuíomh gréasáin sin (gach ceann seachas Rate agus Zap) nach féidir próifílí mionaoiseach a aimsiú le hinnill chuardaigh sheachtracha ar nós Google nó Yahoo!, i gcomparáid le 6 shuíomh gréasáin in 2010. Mar sin féin, ar an gcuid is mó de shuíomhanna gréasáin is féidir le húsáideoirí nach cairde iad próifílí mionaoiseach a aimsiú leis na hinnill chuardaigh inmheánacha.

Léigh na tuarascálacha iomlána anseo…