Suirbhé Webwise 2017 ar Thuismitheoirí
Comhoibriú is ea Suirbhé Webwise ar Thuismitheoirí 2017 idir Webwise, Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín, agus an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse. Rinneadh suirbhé ar thuismitheoirí ar liosta seoltaí na Comhairle maidir le dearcthaí ar rioscaí agus sábháilteacht ar líne. Fuarthas 1274 freagra inar cuimsíodh saincheisteanna digiteacha tuistithe maidir le leanaí idir 0-18 mbliana d’aois. Cuireadh na torthaí i gcomparáid le torthaí Shuirbhé 2012 ar Dhearcthaí Tuismitheoirí chun treochtaí ábhartha i ndearcthaí tuismitheoirí a aibhsiú.
Tugadh aghaidh sa suirbhé ar cheithre phríomhthopaic:
1) Straitéisí le haghaidh tuistiú digiteach;
2) Dearcthaí maidir leis an úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon;
3) Ábhar imní faoi rioscaí ar líne;
4) An aois chuí le haghaidh líonrú sóisialta.
Straitéisí le haghaidh tuistiú digiteach
- Tá meascán d’idirghabháil ‘shriantach’ agus ‘ghníomhach’ fós i gceist leis na cuir chuige tuismitheoireachta maidir leis an úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon.
- Áirítear ar na cuir chuige shriantacha: teorainneacha ama a shocrú (73%); úsáid rialúcháin agus scagairí tuismitheoirí (39%); chomh maith le monatóireacht (52%) agus maoirseacht (34%).
- Baineann 68% de na tuismitheoirí a thug freagra úsáid as straitéisí ‘cumasaithe’ nó ‘gníomhacha’ chomh maith lena n-áirítear labhairt go rialta lena leanaí faoina bhfuil ar bun acu ar líne. Is ionann é sin agus méadú 62% ó Shuirbhé 2012 ar Dhearcthaí Tuismitheoirí.
Dearcthaí maidir leis an úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon
- Cé go gcreideann trí cheathrú (74%) de na tuismitheoirí gur cuid thábhachtach d’oideachas a leanaí í úsáid an Idirlín, ní chreideann ach aon cheathrú (25%) díobh gur mó an tairbhe a bhaineann leis an Idirlíon ná an baol.
- Tá an-mhuinín ag tuismitheoirí as a gcumais féin agus ní deir ach 16% díobh go bhfuil níos mó ar eolas ag a leanbh ná atá acu féin faoin Idirlíon a úsáid. Mar sin féin, ní deir ach aon trian díobh gur féidir leo a leanaí a chosaint nuair a bhíonn siad ar líne.
- Tá muinín ag 53% díobh as a gcumas monatóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann a leanaí as an Idirlíon. Ach admhaíonn 40% díobh go bhfuil sé éasca dá leanaí úsáid a bhaint as an Idirlíon i ngan fhios don tuismitheoir.
- Tá laghdú ó 67% in 2012 go 53% in 2017 tagtha ar mhuinín tuismitheoirí as monatóireacht a dhéanamh ar cad a dhéanann a leanaí ar líne.
Ábhar imní faoi rioscaí Idirlín
- Deir 45% de na tuismitheoirí go mbaineann níos mó rioscaí ná tairbhí leis an úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon. Is méadú mór é sin ar 25% in 2012.
- Tá teacht ar phornagrafaíocht (71%) agus an chibearbhulaíocht (70%), fós ar na rioscaí is mó a luann tuismitheoirí, díreach faoi mar a bhí in 2012.
- Tá ceithre phríomhriosca atá ionann le chéile ann mar na hábhair imní is tromchúisí do thuismitheoirí: Cibearbhulaíocht; Ag caitheamh barraíocht ama ar líne; Mealltóireacht nó dúshaothrú gnéasach ar líne, agus Teacht ar ábhar pornagrafach.
- Tá rangú na n-ábhar imní is mó do thuismitheoirí mar an gcéanna beag beann ar aois an linbh.
Tagann méadú ar na hábhair imní do thuismitheoirí de réir mar a théann an leanbh in aois (e.g. teacht ar ábhar pornagrafach agus dochar a dhéanamh dá gcáil) agus tagann laghdú ar ábhair imní eile de réir mar a théann an leanbh in aois (e.g. mealltóireacht agus dúshaothrú gnéasach ar líne). - Is iad na hábhair imní is mó a bhíonn ag tuismitheoirí na cinn lena gcuirtear an leanbh i gcontúirt, e.g.
cibearbhulaíocht agus mealltóireacht ar líne, in ainneoin nach dtarlaíonn sé rómhinic i ndáiríre.
An aois cheart do na meáin shóisialta
Dúirt 36% de na tuismitheoirí ar a ndearnadh suirbhéireacht gurb é 13 bliana d’aois agus níos sine an aois chuí do leanaí le cuntas meán sóisialta a bheith acu, ag teacht leis an srian aoise reatha a bhaineann le formhór ardáin na meán sóisialta.
Bheadh 42% de na tuismitheoirí i bhfabhar an tairseach aoise reatha do líonrú sóisialta a ardú ó 13 bliana d’aois; bheadh 36% díobh sásta é a fhágáil mar atá sé agus bheadh 15% i bhfabhar an teorainn aoise a ísliú.
Moltaí
Chun cuidiú lena leanaí an leas is fearr a bhaint as dul ar líne, teastaíonn tacaíocht agus comhairle thiomanta ó thuismitheoirí i ndáil le tuistiú digiteach agus sábháilteacht Idirlín. Faoi láthair, is cineál a oireann do chách iad a lán de na hacmhainní a bhaineann leis an topaic seo. Áirítear iad seo a leanas ar chuid de na himpleachtaí beartais a thagann as na torthaí sa tuarascáil seo:
- Teastaíonn níos mó faisnéise agus comhairle ó thuismitheoirí atá dírithe ar aois agus ar riachtanais a leanaí chun cuidiú leo tacaíocht a thabhairt don úsáid a bhaineann a leanaí as an Idirlíon.
- Tá gá ann le hionad ilfhreastail náisiúnta ina mbeadh tuismitheoirí agus gairmithe a oibríonn le leanaí ábalta comhairle atá oiriúnach do riachtanais a leanaí a fháil.
- Tá comhairle do thuismitheoirí dírithe go príomha ar riosca agus ar dhochar, rud a spreagann iad chun ról
póilíneachta agus monatóireachta a ghlacadh. - Tá fíorbheagán comhairle ann ina gcuirtear na tairbhí a thairgeann an tIdirlíon i láthair.
- Teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó thuismitheoirí má tá siad le cuidiú lena leanaí teicneolaíocht a úsáid d’fhoghlaim, le caidrimh a dhéanamh agus le spraoi a bheith acu.
- Tá acmhainní de dhíth ar thuismitheoirí chun cuidiú leo a saineolas digiteach a úsáid chun caidreamh dearfach a bheith acu lena leanaí.
- Tá gá leanúnach ann le bonn fianaise atá láidir agus cothrom le dáta lena dtomhaistear iompraíocht
ar líne leanaí agus na rioscaí lena mbaineann.
Íoslódáil an tuarascáil iomlán anseo: webwise.ie/download
Íoslódáil ár ngrafaic faisnéise anseo: webwise.ie/download/