Skip to content

AUP do Scoile a Nuashonrú

KeyboardDoiciméad tábhachtach é Polasaí Úsáide Inghlactha (AUP) a rialaíonn an úsáid a bhaineann daltaí as an Idirlíon ar scoil agus a chlúdaíonn réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le cearta, freagrachtaí agus pribhléidí – chomh maith le smachtbhannaí – a bhaineann le húsáid ríomhairí.

De réir mar a éiríonn teicneolaíochtaí nua tábhachtach sna scoileanna, forbraíodh AUPanna go príomha chun úsáid shábháilte fhreagrach as an Idirlíon a chur chun cinn le haghaidh gach páirtí leasmhar scoile.

Tá roinnt ailt éagsúla ag Webwise a d’fhéadfadh cuidiú leat tuiscint a fháil ar cad is AUP ann, conas AUP a réiteach chomh maith le CCanna faoi AUPanna. Tá teimpléid de AUPanna le fáil anseo freisin.

Déanfaimid plé anseo ar an bhfáth a bhfuil sé tábhachtach AUP do scoile a nuashonrú.

Ag cinntiú go bhfuil do AUP Reatha agus Éifeachtach

Le go mbeidh do AUP éifeachtach, caithfidh sé a bheith in oiriúint do riachtanais aonair do scoile.

Beidh easpa ábharthachta, úinéireachta agus údaráis le sonrú mura ndéantar ach ainm na scoile a chur ar theimpléad an pholasaí, agus d’fhéadfadh do scoil a bheith nochta do rioscaí dlí dá bharr.

Nuair a chuirtear an t-iomluas atá faoi na hathruithe teicneolaíochta san áireamh, is tábhachtach go dtabharfar aird air seo in AUP do scoile.

D’fhonn é seo a dhéanamh, bí cinnte go ndéantar athbhreithniú agus nuashonrú ar pholasaí na scoile go rialta chun rioscaí agus dúshláin a chur san áireamh de réir mar a thagann siad aníos.

Seo a leanas roinnt sárleideanna ó Webwise maidir le AUP do scoile a nuashonrú agus a chothabháil:

  • Bí cinnte go bhfuil an AUP nasctha le príomhdhoiciméid bheartais eile na scoile, mar shampla, Beartas um Chosaint Páistí, Beartas Frithbhulaíochta agus Beartas um Obair Bhaile, etc.
  • Ba chóir aghaidh a thabhairt ar fhóin chliste, ar úsáid Wi-Fi, ar tháibléid agus ar fhorbairtí eile na nuatheicneolaíochta a bhfuil gean ag an aos óg orthu, san AUP de réir mar a thagann siad aníos.
  • Tá sé tábhachtach go mbeadh na daltaí in ann an AUP a thuiscint. Mar sin de, bí cinnte go mbainfear úsáid as teanga neamhchasta a mhíníonn a gcearta agus a bhfreagrachtaí go soiléir.
  • Seiceáil go rialta go dtacaíonn páirtithe leasmhara uile na scoile – tuismitheoirí, múinteoirí, an fhoireann, daltaí, etc. – leis an AUP.
  • Caithfidh nósanna imeachta soiléire a phléann le teagmhais drochúsáide a bheith follasach agus mínithe go maith.

Faigheann treochtaí nua Idirlín greim ar phobail scoile le linn gach scoilbhliana.

Cibé acu suíomh gréasáin líonraithe shóisialta nó nós eile Idirlín a bhíonn i gceist, ní deacair aird na bpáistí a tharraingt ar na treochtaí seo.

Sin an fáth a bhfuil sé ríthábhachtach go bhfuil AUP solúbtha ag do scoil a d’fhéadfaí a nuashonrú mar fhreagairt ar dhúshláin teicneolaíochta a chruthaíonn na treochtaí nua seo.

Before you go

Thousands of people in schools, clubs and organisations around Ireland are taking part in the Safer Internet Day 2024 celebrations...

Safer Internet Day Turns 21

February 6th marks the 21st anniversary of Safer Internet Day, which has become a landmark global...

Live-Stream: SID2024 Event

What do young people think of new and emerging technology? On Safer Internet Day, tune in to…

View all